An Tusa Scáth na Scoile?

 

Cuir an cheist seo a leanas ar dhaltaí agus muinteoirí amárach (dé Máirt ) agus má chuirfidh tú an cheist ar ‘Scáth na Scoile’ geobhaidh tú an duais ar an spota:

 

             Ceist:       An Tusa Scáth na Scoile?

Freagraí:

Is mise…. (scáth na scoile)

Ní Mise……..   (scáth na scoile)

Advertisements

Clár Ama Sheachtain na Gaeilge

Cailíní,

Anseo geobhaidh sibh clár ama Sheachtain na Gaeilge. Tá dhá chlár ama ann daoibh; Clár ama do ghníomhaíochtaí a bheidh ar siúl ag am lóin (eagraithe ag daltaí difriúla)  agus clár ama do ghníomhaíochtaí a bheidh ar siúl sna ranganna (eagraithe ag na múinteoirí Gaeilge.

Clár Ama Sheachtain na Gaeilge 2013_Cnoc na Labhras

Agus ná déanaigí dearmad a chailíní gur é labhairt na Gaeilge an rud is tábhachtaí i rith na seachtaine.

Téamamhrán Chnoc na Labhras do Sheachtain na Gaeilge 2013

Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht agus i mbliana  bhí smaoineamh nua ag na múinteoirí Gaeilge. Beidh amhrán téama againn do Sheachtain na Gaeilge agus beidh deis ag gach duine an t-amhrán seo a chanadh (b’fhéidir le chéile). Is é an t-amhrán ‘Glaoigh orm b’fhéidir’ le Carly Rae Jepson.

Is féidir linn tosnú ag cleachtadh anois.

Ach is é an cheist a chailíní ná AN FÉIDIR LIBH? Fág trácht ag bun an phostála seo ag insint dúinn cad a cheapann tú faoi?